Ba é tairbhe an rannpháirtí a bhí ar intinn nuair a dearadh an tIonad Comhdhála, Baile Átha Cliath. Agus 22 seomra ilchuspóireach ann, atá oiriúnach do chruinnithe, do chomhdhálacha, do thaispeántaisí agus d’fhéastaí de gach sórt, is é an CCD an phríomhláthair imeachta agus chomhdhála in Éirinn.
Tá ceardaíocht den scoth i ngach halla, seomra cruinnithe agus fhorhalla agus tríd an aitriam gloine iontach feictear radharcanna fairsinge de chathair, chuan agus shléibhte Bhaile Átha Cliath. I measc na n-áiseanna a tógadh le sainchuspóir tá seomraí rialúcháin chlosamhairc, ardaitheoirí le haghaidh trucailí agus veaineanna, scáileáin agus teilgeoir comhtháite, agus painéal rialúcháin chairdiúil. Tógadh na háiseanna seo leis an gcuspóir go ndéanfaí gníomhú an rannpháirtí a éascú agus go gcuirfí le taithí an eagraithe.
Íoslódáil an plean urláir 3T, féach an chairt lín, nó bain úsáid as plean idirghníomhach an ionaid le go bhfeice tú an méid atá istigh sa CCD agus go n-aimsí tú an sárionad i mBaile Átha Cliath le haghaidh do chéad mhórócáid eile. Is féidir tabhairt faoithuras fíorúil den fhoirgneamh ar Google Maps freisin.