In Eanáir 2013, sheolamar straitéis nua cúig-bliana don ghnólacht. Tá fís an-soiléir againn sa straitéis seo – 'bheith ar an áit is fearr ar domhan le haghaidh ceannairí, nuálaithe, agus lucht samhla a gcuid smaointí ceannródaíocha a roinnt, a chruthú agus a cheiliúradh.’
Tá réimse de thionscnaimh straitéiseacha curtha ar bun againn i ngach gné d’ár ngnólacht leis an bhfís seo a bhaint amach faoi cheann 2017.
Sheolamar sraith nua luachanna don CCD freisin. Is eiseamláirí iad na luachanna seo de chultúr an ghnólachta, agus is de réir na luachanna seo a oibrímid, a chaithimid lena chéile, lenár gcliaint, lenár rannpháirtithe agus lenár gcuairteoirí.