Rinneadh an tIonad Comhdhála, Baile Átha Cliath a fhorbairt le go mbeadh láthair chomhdhála den chéad scoth ar fáil i gcroílár phríomhchathair na hÉireann. Agus é lonnaithe 15 nóiméad ón aerfort i nDugthailte Bhaile Átha Cliath, ceartlár airgeadais agus teicneolaíochta na cathrach, is sárshuíomh é an CCD le turasóirí gnó idirnáisiúnta a mhealladh.
Ó osclaíodh an CCD i mí Mheán Fómhair 2010, tá breis agus 1,450 imeacht curtha ar siúl againn ann. Agus turasóirí gnó ag caitheamh a gcuid airgid ag siopadóireacht nó ar óstáin, ar thacsaithe, ar bhia, ar shiamsaíocht, ar ócáidí cultúrtha agus ar nithe turasóireachta, cruthaítear ioncam do gheilleagar na hÉireann, a bhuí leis an CCD.
Go dtí seo, tá 35 gradam earnála bainte amach againn, agus leanaimid orainn ag cur Éire chun cinn ar an stáitse idirnáisiúnta le haghaidh comhdhálacha agus imeachtaí idirnáisiúnta. Déanaimid ár seacht ndícheall ionad den chéad scoth a sholáthar, ó thaobh chaighdeán na n-áiseanna agus gach gné den tseirbhís a chuirimid ar fáil. Is é ár gcuspóir ná go mbainfidh eagraithe comhdhála agus imeachta, mar aon le rannpháirtithe an chomhdhála, tairbhe ar leith as imeachtaí an CCD.
Faigh tuilleadh eolais faoi fhís agus luachanna an ionaid atá ina mbunchloch don obair a dhéanaimid ag an CCD.
Faigh tuilleadh eolais faoi ghiniúint, thógáil agus lainseáil an CCD, an chéad ionad comhdhála idirnáisiúnta a tógadh le sainchuspóir in Éirinn.
Foirgneamh fíor-shuntasach, istigh is amuigh, a bhfuil rogha 22 seomra ilfheidhmeach ann. Faigh tuilleadh eolais faoina bhfuil istigh sa CCD.
Bhain an CCD trí chineál creidiúnaithe amach ó Certification Europe bliain i ndiaidh a oscailte. Faigh tuilleadh eolais faoi chreidiúnaithe agus bhallraíochtaí an ionaid.
Is é ár gcuspóir ná caighdeán nua a leagan amach le haghaidh dea-chleachtais chomhshaoil, agus is cinnte go bhfuil na creidiúintí tuillte agus meánráta athchúrsála atá níos airde ná 90% againn!